Bhí triúr mac agam a bhí oilte tóigthe,Cé gur ghearr an lón dhom iad, céad faraor géar;Mar d’fhág siad a máithrínn bhocht ag silt na ndeoraGach aon lá Domhnaigh is a bhris a croí. Ní raibh suim ar bith agam ins an mac ba óige,Cé go mba deas an t-ógánach é Peadar fhéin;Ach an mac is sine acu sé a chráigh go mór mé‘Gus mí ní beo mé le cumha in do dhiaidh. Mo Pheadar muirneach a bhí oilte múinte‘S a chuaigh ar chúntar a bheith ní b’fhearr;Bhí gean na gcomharsan ort an fhad is bhí tú liomsa,‘S nach mba ait an cúntóir thú amuigh le Seán. ‘S tá súil agamsa go bhfaighidh tú umhlaíocht‘Gus pardún cumhachtach ó Rí na nGrást,A thabharfas abhaile agam sibh ó slán gan chontúirt,Mar is mór mo chumha-sa i ndiaidh mo mhaicín bán. ‘S dá bhfuil trua in Éirinn is mó ná mé anois I ndiaidh an chéad mhac a chráigh mo chroí ‘Gur ag guibhe Dé a bhím agus ag iarraidh déirce Mar scéal ní fhaighim uaibh ar mhuir ná ar tír. Is nuair a fheicim gach bean acu is a gclann fré chéileGo gcaillim mo radharc agus meabhair mo chinnIs tá deireadh mo sheanchais agus mo chomhrá déanta ‘S ní labhród aon smid go dté mé i gcill. Is nach mac gan cuntas thú anois dar liomsa Nach dtiocfadh ar cuairt agam d’oíche ná láGur chaith mé trí ráithe mhór ar fad go t’iomparAgus chuaigh mé i gcontúirt leat aon oíche amháin. Nach dtug mé scoil díbh ‘gus beagán foghlaimGur d’léir mo chuntaíocht nach rinneas thar barrIs nach beag a ghoileanns mo ghalra dumhach ortNó fébí cúige ina mbíonn sibh ann. Cá bhfuil truaighe in Éirinn is mó ná mé anoisI ndiaidh an chéad mhac a chráigh mo chroíA d’oil go cneasta sibh gan guth ná náireFuair bia ‘gus anlann deas glas a chionn Ach má’s sé an bás a chlis orm agus a d’fhág faoi bhrón méMar is iomaí geall mór a chur mé i gcillGurb é an fortún deireanach a bhí dhá bharr agamGur gheal mo cheann-sa agus dhubh mo chroí Is nach beag a ghoilleans mo ghalra dumhach ortIs a liachtaí brón mhór dul fré mo chroíGur dtáinig an tinneas orm agus chaill mé móránIs níl luach mo chónra agam anois faraor. Ach ní hé sin is measa dhom ná d’fhág mé buartha Ach rinne mé an pósadh ar m’ais aríst,Gur bhain sé an chlann díom a bhí oilte tógtha‘Gus d’fhág muirín óg orm ‘s mé go lag ina gcionn. Is dá bhfuil truaigh in Éirinn ach mac ‘gus máthairBheith ag goil le fána ar a chéile chóichínA chuaigh go Sasana in san Arm Gallda‘S gan fios a bpáighe ach beagán bia. 'S dá mba i mBaile na Cille agam a bheadh a gcnámhaNí bheinn chomh cráite ná a leath ina ndiaidh,Ach mo chúig chéad beannacht libh go Ríocht na nGrástaMar a bhfuil sé i ndán dhom sibh a fheiceáil choíchín.
I had three songs, had them reared and taught, But their use to me did not last, They left their poor mother weeping Every Sunday, and break her heart The youngest son wasn’t the dearest to me, Even though he, Peadar, was a fine young man, It was the eldest son whose lost hurt me deepest, He has me nearly killed with sorrow
My darling Peadar who was most polite, Who life to make a better life, Our neighbours loved you when you dwelt here, And you were the best of help when out with Seán
I hope you’ll be greeted forgivingly, with a powerful pardon from God above, Who might bear you home to me, safe from danger, Because I sorely miss my baby son,
And you are the heedless son, That won’t visit me by day or by night, After me carrying you for 9 months, And graving great danger to give birth to you, Didn’t I give you schooling and a bit of learning, But it seems now that I didn’t do well, My heartbreak concerns you little, Where you are